Leabhair

Leabhair nua

clúdach an leabhair
Gaeilge agus Grá
Alan Desmond

Ba mhór an t-athrú a tháinig ar shaol Bhiddy Uí Laoghaire ó thosaigh sí ag freastal ar rang Gaeilge. Casadh cairde nua uirthi, ina measc fear céile nua. Ach ní mó ná sásta atá Biddy le múinteoir an rang Gaeilge, Mánas Ó Foghlú. Tá cloiste aici gur buachaill báire é agus an clú air as cailíní óga a chur ar strae.

Tuilleadh eolais »
clúdach an leabhair
An Ród Seo Romham
Liam Mac Uistín

Saol agus Saothar Phádraic Mhic Phiarais.

Tuilleadh eolais »
clúdach an leabhair
Géaga trí Thine
Gabriel Rosenstock

‘Ollamh’ an grád ab airde i measc na bhfilí fadó. Seo cnuasach haiku ón bhfile a ndúradh ina thaobh gurb é ‘Ardollamh le haikú’ é. Tá chuile ceann acu ina sheoid.

Tuilleadh eolais »
clúdach an leabhair
Hormóin agus scéalta eile
Pól Ó Muirí

Tá ábhar gáire agus goil san ocht scéal sa chnuasach seo a scríobhadh go speisialta do dhéagóirí. Tá léargas ionraic tuisceanach iontu ar aigne an déagóra ag aoiseanna éagsúla agus cur síos ealaíonta ar chéadchomharthaí na collaíochta, idéalachas na hóige, ar dheacrachtaí athar caidreamh a dhéanamh lena iníon, ar an dlúthchaidreamh a bhíonn idir trí ghlúin, mac, athair agus seanathair mar gheall ar chúrsaí peile agus a lán eile.

Tuilleadh eolais »
clúdach an leabhair
Teach na gColúr
Aisling Ní Leidhin, Liam Mac Amhlaigh

Macléinn ollscoile ón bPolainn í Iryna atá anseo in Éirinn chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Tar éis di roinnt deacrachtaí a shárú tagann sí ar eolas faoi mhuintir a máthar, eolas a athróidh a saol.

Tuilleadh eolais »
Leabhair de réir catagóire
Leabhair de réir údair
Bosca siopadóireachta
Tá do bhosca siopadóireachta folamh.